Osclaíonn Seachbhóthar Mhaigh Chromtha do Thrácht
Tháinig ceann de na tionscadail bóithre is mó a bhfuiltear ag súil go fonnmhar leis céim níos cóngaraí chuig a chríoch inniu le hoscailt oifigiúil den chuid Sheachbhóthar Mhaigh Chromtha den débhealach nua N22 ó Bhaile Bhuirne go Maigh Chromtha, leis an Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Danny Collins agus an Taoiseach Micheál Martin ag an láthair don oscailt oifigiúil.
Ag oscailt roimh an sprioc, cuimsíonn an seachbhóthar nua seo, atá 8km d'fhad, timpeallán ag an nasc-isteach ar an taobh thoir de Mhaigh Chromtha, acomhal grád-scartha ag an nGoirtín Rua ar an taobh thiar de Mhaigh Chromtha agus nasc-isteach sealadach ag Carraig an Phúca, le timpeallán sealadach a ligeann do thrácht nascadh leis an N22 reatha. Beidh an tionscadal críochnaithe in 2024.
Roimh an oscailt oifigiúil, ghlac na mílte páirt in imeachtaí pobail a eagraíodh lena n-áirítear rith spraoi agus siúlóid a d'eagraigh AC Muskerry i gcomhar le Seanóirí Mhaigh Chromtha agus Gairdín Sióg Mhaigh Chromtha. D’eagraigh Macroom Lions Club ‘scaoileadh liathróide’ ar mhaithe le hAerárthach Othar Phobal na hÉireann.
Dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Danny Collins, “Is lá iontach é inniu do mhuintir Mhaigh Chromtha ina mbeadh 20,000 carr agus feithiclí earraí troma ag taisteal tríd go laethúil. A bhuí leis an seachbhóthar, tiocfaidh laghdú 40% ar an méid tráchta, rud as a dtiocfaidh feabhas ar cháilíocht na beatha do chónaitheoirí, gnólachtaí agus cuairteoirí go Maigh Chromtha. Anois, cuirfear tús le hathnuachan uirbeach Mhaigh Chromtha, áit a dtabharfaidh tiománaithe a thaistealaíonn idir Corcaigh agus Ciarraí cuairt ar an mbaile agus taithí cheart a fháil ar gach a bhfuil le tairiscint ag Maigh Chromtha gan a bheith buartha faoi bheith sáinnithe sa trácht. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann tógála ar fad as an obair chrua a dheineadar le dhá bhliain go leith anuas agus as na himeachtaí pobail a reáchtáladh le seachtainí beaga anuas. Bhí sé iontach an oiread sin daoine a fheiscint ag siúl ar an mbóthar nua, ag féachaint ar radhairc agus innealtóireacht iontach an bhóthair agus ag bailiú airgid do charthanachtaí áitiúla.”
Shínigh Comhairle Contae Chorcaí conarthaí le dhá ghnólacht Éireannacha, Jon Civil Engineering Ltd agus John Cradock Ltd, i mí na Samhna 2019 ar bhuiséad iomlán de €280 milliún, rud a bhí ar an infheistíocht aonair is mó ag an rialtas sa réigiún ag an am. Cuireadh tús leis an obair i mí Eanáir 2020 agus bhí suas le 260 ball foirne tógála fostaithe ar an láthair ag buaicphointe an tionscadail agus ag leanúint ar aghaidh le linn na paindéime covid.
I mí na Nollag 2020, tháinig seacht mbíoma droichead coincréite réamhtheilgthe d'fhad 49.9 méadar go Maigh Chromtha le cúnamh ó thionlacan Garda thar 4 oíche. Ba iad na bíomaí is faide riamh d’Éirinn agus don RA. Gan ach 200mm ar airde le spáráil ag taisteal trí Thollán Jack Lynch, ceann de na dúshláin ba mhó a bhí ann ná na bíomaí 155 tona a aisiompú go háit agus gan ach cúpla orlach le spáráil ag an áirse chloiche reatha ag “An Droichead Nua” i Maigh Chromtha. Tá an chuid nua den bhóthar dhéanta de dhá lána, ag dul an dá threo araon, scartha le bacainn chruach. Tógadh 48 príomhstruchtúr ar an iomlán lena n-áirítear trí dhroichead abhann, trí thardhroichead agus ceithre fodhroichead, ballaí, lintéir agus bacainní comhshaoil chun torann a laghdú, chomh maith le 132,000 méadar cearnach de chosán.
Agus é ag oscailt seachbhóthair nua Mhaigh Chromtha go hoifigiúil, dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, T.D. “Arna sheachadadh faoi Thionscadal Éireann 2040, feabhsóidh Seachbhóthar Mhaigh Chromtha sábháilteacht agus inrochtaineacht do phobail áitiúla a úsáidfidh an bóthar seo go rialta chomh maith leo siúd a bheidh ag taisteal idir Corcaigh agus Ciarraí. Spreagfaidh sé fás eacnamaíoch, ag tacú le tuilleadh infheistíochta agus fostaíochta sa réigiún. Táim ag tnúth le Maigh Chromtha agus an réigiún níos leithne a fheiscint ag dul ó neart go neart sna blianta amach romhainn agus guím turas sábháilte ar gach duine a thaistealaíonn ar an mbóthar.”
Dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan TD.: “Cuireann an seachbhóthar seo borradh faoi Mhaigh Chromtha, ag cinntiú gur féidir leis an mbaile tosnú ag rathú mar áit ar mian le daoine cónaí ann agus cuairt a thabhairt air gan imní faoi bhrú tráchta. Feabhsóidh sé an tsábháilteacht do gach úsáideoir bóithre agus osclóidh sé féidearthachtaí chun athshamhlú a dhéanamh ar conas is féidir le Maigh Chromtha a fhorbairt anois, ag teacht le polasaí an Rialtais ‘Lár an Bhaile ar dtús' a bhaineann le ‘áitiú a dhéanamh’, ag cinntiú go dtógtar bailte timpeall ar dhaoine seachas gluaisteáin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Bonneagar Iompair Éireann agus le Comhairle Contae Chorcaí as a gcuid oibre ar an tionscadal go dtí seo agus táim ag tnúth le seachadadh deiridh an tionscadail seo.”
Dúirt Peter Walsh Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann (TII) “Tá soláthar gréasán sábháilte bóithre náisiúnta ar cheann de na príomhchúraimí atá ar BIÉ. Le hoscailt Sheachbhóthar Mhaigh Chromtha cuirfear feabhas láithreach ar shábháilteacht d’úsáideoirí bóithre agus coisithe, feabhsóidh sé freisin cáilíocht na beatha do dhaoine a chónaíonn, a oibríonn agus a thugann cuairt ar bhaile Mhaigh Chromtha. Táimid ag tnúth le tionscadal iomlán N22 Baile Bhuirne go Maigh Chromtha a thabhairt chun críche in 2024.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey, “Is céim shuntasach é Seachbhóthar Mhaigh Chromtha N22 do réigiún Chorcaí agus Chiarraí. Próiseas casta is ea mórphíosa bonneagair straitéisigh den sórt seo a chur chun cinn chuig an bpointe seo agus is forbairt thar a bheith tábhachtach é don réigiún ar fad. Feabhsóidh an scéim ríthábhachtach seo sábháilteacht bóithre agus amanna turais. Chomh maith leis sin, bainfidh sé brú tráchta agus feabhsóidh sé nascacht idir Corcaigh agus Ciarraí, ag éascú forbairt inbhuanaithe ar fud an chontae. Tá an chuid seo atá ag oscailt roimh an spriocdháta agus de réir an bhuiséid ina teist ar an obair chrua a dhein gach éinne a bhí páirteach ann. Bhí ar na conraitheoirí dul i ngleic le tír-raon dúshlánach ó aibhneacha agus féarach go talamh cnocach iargúlta. Iarracht chomhoibríoch a bhí sa tionscadal seo ón tús agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le muintir Mhaigh Chromtha, Bonneagar Iompair Éireann, na comhchonraitheoirí Jons Civil Engineering agus Jon Craddock JV Ltd, an iliomad comhairleoirí dearaidh atá againn, faoi stiúir Mott McDonald Ireland Ltd le déanaí, úinéirí talún agus gnólachtaí, agus na céadta cuideachta agus daoine aonair eile a bhí páirteach le fiche bliain anuas chun cabhrú linn an chloch mhíle seo a bhaint amach inniu.”