Osclaítear N56 An Clochán Liath go dtí na Gleannta tar éis Infheistíochta €100m
D'oscail an tUasal Jack Chambers, an tAire Stáit sa Roinn Iompair, bóthar an N56 An Clochán Liath go dtí na Gleannta go hoifigiúil, i láthair an Clr. Gerry Mc Monagle, Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an 25 Aibreán.
Ar mhaithe leis an tionscadal seo, rinneadh infheistíocht níos mó ná €100M chun thart ar 27km den N56 a fheabhsú agus cuireadh cosán agus raon rothar neamhspleách 2m ar leithead ar fáil. A bhuí leis an tionscadal, cuireadh feabhas mór ar an líonra a bhíodh ar dhroch-chaighdeán i réigiún ina raibh na srianta topagrafacha, geolaíocha agus comhshaoil an-dúshlánach. Cuireadh an tionscadal i gcrích i 5 chéim thar 10 mbliana agus bhí comhairleoirí innealtóireachta deartha, foirne maoirseachta láithreáin agus conarthaí tógála éagsúla bainteach leis. I rith an ama sin d’éirigh le foirne réigiúnacha NRO agus BIÉ Dhún na nGall pleanáil, dearadh agus seachadadh gach céime a chomhordú agus bhainistiú.
Leis an tionscadal seo tá deireadh ré curtha le codanna míchlúiteacha na coda seo den N56 amhail corthaí Ghaoth Beara agus Mín an Chairn. Is naisc idiruirbeacha ríthábhachtacha ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall iad an bóthar náisiúnta feabhsaithe agus na háiseanna tráchta gníomhacha eile.
Rinne an tAire Chambers comhghairdeas leo siúd go léir a bhí páirteach as a ngairmiúlacht agus a nacmhainneacht i seachadadh an tionscadail iomláin seo.
“Leis an infheistíocht seo de bhreis is €100m in iarthar Dhún na nGall, léirítear tiomantas an Rialtais chun feabhas a chur ar thionscnaimh um shábháilteacht ar bhóithre agus ar cháilíocht na beatha araon do dhaoine agus do phobail faoin tuath in Éirinn. Leis an tionscadal, baintear amach cuspóirí bonneagair laistigh de PFN, agus freisin baintear amach príomhbheartais laistigh den Chreat Pleanála Náisiúnta, go háirithe maidir le cuidiú agus tacú le fás tuaithe agus le feabhas a chur ar nascacht réigiúnach. Príomhchuid den tionscadal freisin ná áis taistil ghníomhach iomlán a sholáthar, rud a chabhróidh linn astaíochtaí carbóin a laghdú agus pobail níos sláintiúla a chur chun cinn.”
Dúirt Ceann Bóithre, Glasbhealaí agus Bainistíochta Réigiúnaí le haghaidh BIÉ, Geraldine Fitzpatrick: “Le hoscailt oifigiúil an N56 An Clochán Liath go dtí na Gleannta, léirítear na hiarrachtaí comhoibríocha a rinne gach duine a raibh baint acu leis, lena n-áirítear, Comhairle Contae Dhún na nGall, Bonneagar Iompair Éireann, an Roinn Iompair, agus go háirithe na cónaitheoirí agus na húinéirí talún feadh an bhealaigh iomláin. Cuireadh an scéim i gcrích ar bhonn céimnithe, agus leis an gcuid a tógadh le déanaí, tugtar níos mó ná 24km de charrbhealach singil le háiseanna taistil gníomhacha leithscartha i gcrích. Tá tionchar dearfach ag an tionscadal seo ar shábháilteacht úsáideoirí bóithre, turasóireacht, forbairt eacnamaíoch, agus nascacht fheabhsaithe ar fud an réigiúin.”
Ghabh Comhairle Contae Dhún na nGall buíochas leis an iliomad daoine in iarthar Dhún na nGall a bhfuarthas a gcuid talún agus réadmhaoine don tionscadal suntasach seo agus don phobal i gcoitinne ar cuireadh isteach orthu le linn sheachadadh céimnithe an tionscadail. Aithnímid a gcomhoibriú agus a bhfoighne go léir le linn na mblianta fada tógála.