Osclaíonn an Taoiseach, Simon Harris TD, Seachbhóthar Nua N69 Lios Tuathail

D’oscail an Taoiseach, Simon Harris TD, Seachbhóthar nua Lios Tuathail go hoifigiúil, a chuirfidh 7,000 feithicil ar mhalairt treo gach lá, amach ó lár bhaile Lios Tuathail, agus a chuirfidh go mór le bonneagar agus le rochtain i dtuaisceart Chiarraí.

Is seachbhóthar sé chiliméadar iartharach agus tuaisceartach de lár bhaile Lios Tuathail é Seachbhóthar N69 Lios Tuathail a raibh costas €62m air. Tá tuairim is 3.6km de bhóthar nua i gceist leis, chomh maith le 2.3km d’fheabhsúchán ar líne ar an seanlíonra agus 1.5km de thimpealláin nua agus d’fheabhsúcháin ar acomhail.

Bhí Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí, Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann agus úinéirí talún áitiúla a d’éascaigh tógáil an bhóthair in éineacht leis an Taoiseach ag an oscailt oifigiúil.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Chiarraí, Clr Breandán Fitzgerald gur lá stairiúil ab ea é don chontae: ‘Bhíodh an brú tráchta i Lios Tuathail ina bhac ar ghníomhaíocht iompair agus tráchtála le fada an lá. Cuirfidh an seachbhóthar 250 feithicil earraí troma ar mhalairt treo amach ó lár an bhaile gach lá, rud a chuirfidh go mór le sábháilteacht na dtiománaithe agus na gcoisithe sa bhaile.’

An Taoiseach Simon Harris: ‘Is dul chun cinn mór é an bóthar nua seo do thuaisceart Chiarraí ó thaobh an iompair, na rochtana, na gníomhaíochta tráchtála agus na turasóireachta de. Cuireann sé go mór leis an ngluaiseacht ar fud an cheantair, lena n-áirítear feadh an bhóthair ghnóthaigh N69 idir Lios Tuathail agus Luimneach. Tá mo rialtas tiomanta do thionscadail den chineál seo a chur i gcrích ar fud na tíre, le tacaíocht na n-údarás áitiúil agus Bhonneagar Iompair Éireann.’

Dúirt Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann, Peter Walsh: ‘Tarraingíonn oscailt oifigiúil Sheachbhóthar N69 Lios Tuathail aird ar na feabhsúcháin leanúnacha atá á ndéanamh ag Bonneagar Iompair Éireann agus ag Comhairle Contae Chiarraí ar an ngréasán bóithre náisiúnta i gContae Chiarraí. Tá buntáistí maidir le sábháilteacht ar bhóithre ag baint leis an tionscadal seo, chomh maith le rochtain fheabhsaithe réigiúnach. Cuirfidh sé feabhas ar chaighdeán saoil chónaitheoirí agus ghnólachtaí Lios Tuathail, toisc go laghdófar líon an tréthráchta neamhriachtanaigh. Beidh sé ina chúis do laghdú 50% ar thrácht neamhriachtanach HGV amháin, fad is a thacóidh sé leis na tiománaithe HGV sin a sheachadann earraí agus seirbhísí ar fud na tíre trí chuid den bhóthar náisiúnta a chur ar fáil a tógadh de réir chaighdeán innealtóireachta comhaimseartha.’

Ba é Jacobs Engineering (Baile Átha Cliath) a dhear an scéim agus ba iad Wills Brothers (Maigh Eo) príomhchonraitheoirí na scéime. Rinne Oifig Chiarraí um Bóithre Náisiúnta maoirseacht ar an tionscadal.