Ceamaraí Sábháilteachta ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta

Tá BIÉ ar cheann de na príomhpháirtithe leasmhara atá freagrach as roinnt gníomhartha ardtionchair atá i Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 na hÉireann a chur i bhfeidhm. Ceann de chúig cholún na straitéise is ea Luasanna Sábháilte agus féachann Gníomh 8 le bainistíocht luais ar bhóithre na hÉireann a leathnú trí fhorfheidhmiú ceamaraí, lena n-áirítear ceamaraí meánluais i gcomhar leis an nGarda Síochána.

Moltar úsáid ceamaraí luais, codanna le ceamaraí meánluais mar dhea-chleachtas do bhallstáit an AE ag an gComhairle Eorpach um Shábháilteacht Iompair agus tá sin léirithe i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 agus sa Bheartas Náisiúnta maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe araon.

 

Preaseisiúint Iomlán Ar Fáil:

14.10.2024 Ceamaraí Sábháilteachta ar an nGréasán Bóithre Náisiúnta