Luas

Is é Luas córas Iompair Iarnróid Éadroim Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar an gréasán tramanna freisin. Tá 2 líne thramanna i ngréasán Luas – Líne Dhearg Luas 21km ar fad agus Líne Uaine Luas 22km ar fad, a dhéanann malartú i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá 69 stad agus flít 73 tram ag gréasán Luas. Tá breis agus 430 milliún aistear paisinéara déanta ag paisinéir Luas ó thosaigh na seirbhísí paisinéirí in 2004.