An Scéim Deontais chun Feithiclí Tromshaothair
Astaíochtaí Nialasacha a cheannach

Tá Éire tiomanta d’aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin faoi 2050 agus tá ról suntasach ag an earnáil iompair maidir leis sin. Go dtí seo, in Éirinn, tá an earnáil iompair ag brath go mór ar ola iompórtáilte. Beidh sé bunriachtanach an spleáchas sin a laghdú agus aistriú chuig breoslaí agus teicneolaíochtaí malartacha chun an earnáil a dhícharbónú. Beidh gá le mórathruithe a dhéanamh ar ár roghanna gnáthbhreoslaí chun an sprioc sin a bhaint amach.

Chun dícharbónú na hearnála lastais a chur chun cinn agus chun cuideachtaí a spreagadh i dtreo na conaire sin, cheap an Roinn Iompair BIÉ chun go riarfar an Scéim Deontais chun Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha a cheannach (an Scéim).

 
Tá an Scéim beartaithe chun cúnamh a thabhairt le feithiclí tromshaothair (HDVanna) a cheannach, feithiclí atá breoslaithe go malartach agus a sháraíonn caighdeáin chomhshaoil is infheidhme ón Aontas Eorpach (AE) nach mbeadh ceannaithe gan tacaíocht ón Scéim.
 

Tá an Scéim Deontais chun Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha a cheannach (ZEHDV) maoinithe ag an Roinn Iompair. Tá an Scéim á riar ag Bonneagar Iompair Éireann, agus cúnamh á fháil ó Pierse Fitzgibbon Solicitors LLP a ghníomhaíonn mar Oibritheoir na Scéime. Tiocfaidh an chumarsáid uile i dtaca leis an Scéim ó Pierse Fitzgibbon.

 

Más amhlaidh a d’ordaigh, a cheannaigh nó a chláraigh tú feithicil astaíochtaí nialasacha cheana, NÍL sí incháilithe le haghaidh tacaíocht faoin Scéim.

 

Glacfar le hiarratais ar an scéim an tseachtain dar tús an 12 Feabhra 2024

Cad é atá sa Scéim Deontais chun Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha a cheannach?

Leis an Scéim déantar deontais a dhámhachtain ar chuideachtaí agus fiontair ar mian leo feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha (ZEHDV) a cheannach a dtacaítear leo leis sin seachas an choibhéis díosail a cheannach.  Ríomhtar méideanna deontais mar chéatadán den difríocht sa phraghas idir ZEHDV agus a choibhéis díosail.  

Beidh leibhéil deontais a dhámhtar ar iarratasóirí ag brath ar an méid seo a leanas:

  1. gléasra cumhachta nó cineál breosla na feithicle a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir é a cheannach;
  2. méid an fhiontair nó na cuideachta atá ag cur isteach ar an deontas; agus
  3. cé acu a fuair iarratasóirí deontais faoin Scéim cheana nó nach bhfuair 

Cé na cineálacha breosla a dtacaítear leo leis an Scéim?

Leis an Scéim, tacaítear le líon sonrach ZEHDVanna leis na gléasraí cumhachta seo a leanas agus mar a thuairiscítear ar bhonn níos mionsonraithe i Rialacha na Scéime. Seo a leanas na cineálacha breosla a dtacaítear leo:

  • Feithiclí Leictreacha Cadhnra.
  • Feithiclí Breosla-chille Leictreacha; agus
  • Feithiclí Leictreacha Hibrideacha Inluchtaithe a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/kWh; nó
  • Feithiclí Leictreacha Hibrideacha Inluchtaithe a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/km.

Tá catagóirí agus réimsí meáchain na bhfeithiclí a liostaítear thíos agus i  ndoiciméad na samplaí oibrithe incháilithe   le haghaidh tacaíocht deontais fhéideartha faoin Scéim. Le leaganacha den Scéim amach anseo is féidir go n-áireofar níos mó cineálacha agus catagóirí d’fheithiclí de réir mar a thagann níos mó feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha isteach sa mhargadh.

 

Conas is féidir liom teacht ar mhéid mo ghnólachta nó mo ghnóthais?

Cinntear méid gnóthais le sainmhínithe atá forbartha ag an Aontas agus tá sé bunaithe ar an líon foirne agus ar an láimhdeachas. 

De réir rialacha státchabhrach an Aontais, tá fiontair ‘bheaga’ incháilithe le haghaidh leibhéil chabhrach níos airde ná fiontair ‘mheánmhéide’ nó ‘mhóra’. Is féidir teacht ar níos mó faisnéise maidir le méid d’fhiontair a chinneadh i Rialacha na Scéime, nasc anseo, agus san eagrán is déanaí de . Threoirleabhar an Aontais maidir le sainmhíniú FBM

Leis an tábla seo a leanas déantar achoimre ar conas a shainmhínítear méideanna gnóthas faoin Scéim agus conas a bhaineann an méid sin le huasdéine iomlán na cabhrach atá ar fáil d’iarratasóirí incháilithe. Léirítear leis sin freisin uasmhéid féideartha an mhaoinithe in aghaidh na feithicle ag brath ar mhéid ghnóthas an iarratasóra. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil uasdéine iomlán na cabhrach in aghaidh an ghnóthais (lena n-áirítear cleamhnaithe) cothrom le €500,000

Tábla 1. Méid an ghnóthais agus céatadán an difreálaigh praghais

MÉID AN GHNÓTHAIS BEAG MEÁNMHÉID MÓR
Líon na gcomhaltaí foirne; láimhdeachas/iomlá n an chláir comhardaithe Níos lú ná 50 comhalta foirne; ≤ € 10 m/≤ € 10 m/td> Níos lú ná 250 comhalta foirne; ≤ € 50 m/≤ € 43 m Níos mó ná 250 comhalta foirne; ≤ € 50 m/≤ € 43 m
Uasdéine na cabhrach in aghaidh na feithicle in aghaidh mhéid an ghnóthais 60% den difreálach praghais 50% den difreálach praghais 30% den difreálach praghais

Cad é an difreálach praghais?

Is éard atá sa difreálach praghais an difríocht idir luach ceannaigh (gan CBL ná aon lascainí eile a chur san áireamh) an ZEHDV agus praghas ceannaigh (gan CBL agus lascainí a chur san áireamh) a choibhéise díosail.

Difreálaigh praghais agus leibhéil deontais a ríomh

Le haghaidh EVanna laistigh de na réimsí meáchain a leagtar amach thíos, is éard atá sa difreálach praghais an difríocht idir an praghas díosail bonnlíne a liostaítear i dTábla 2 agus an praghas ceannaigh (gan CBL ná aon lascainí a chur san áireamh) ar an sonrasc ceannaigh ZEHDV atá le soláthar ag an iarratasóir mar chuid den phróiseas iarratais.

Is féidir achoimre a dhéanamh ar an ríomh sin mar a leanas:

Difreálach praghais = (praghas ceannaigh ZEHDV) - (costas bonnlíne an HDV díosail choibhéisigh)

i gcás inarb amhlaidh nach n-áirítear i bpraghas ceannaigh ZEHDV agus an HDV díosail choibhéisigh CBL ná aon lascainí breise.

Tábla 2. Praghsanna ceannaigh díosail bonnlíne (gan CBL a chur san áireamh) agus catagóirí feithiclí chun deontais BEV, PHEV, FCEV a ríomh.

 
CATAGÓIR AE CINEÁL FEITHICLE RÉIMSE MEÁCHAIN (GVW) PRAGHAS CEANNAIGH DÍOSAIL BONNLÍNE GAN CBL A CHUR SAN ÁIREAMH
N2 Veain/Trucail éadrom Over 3.5t go c. 5t €31,000
N2 Veain/Trucail éadrom c. 5.5t go 8.5t €56,000
N2 and N3 Trucail Over 8.5t go 16t €73,000
N3 Trucail Over 16t go 19t €105,000
N3 Trucail Over 19t go 46t €131,000
N3 Trucail bailithe bruscair (lódaire ceann deiridh bruscair nó ‘leoraí bruscair’) (Feithicil chríochnaithe atá comhdhéanta de c. 26t+ d’fhonnadh mar aon le cabhalra) €259,500
M2 Mionbhus c. 11-17 suíochán (Réimse meáchain táscach garbh de 3.5 go c. 5t) €45,000
M3 Meánbhus c. 21-32 suíochán (Réimse meáchain táscach garbh de c. 8t go 10t) €197,000
M3 Bus aon stóir c. 40+ suíochán (Réimse meáchain táscach garbh de c. 11t go 14t) €191,500
M3 Cóiste aon stóir c. 40+ suíochán (Réimse táscach garbh de c. 13.5t agus os a chionn) €317,000
M3 Cóiste dhá urlár c.75+ suíochán Urlár íseal agus rochtain rampa ann €470,000
M3 Bus dhá urlár (díosal Euro VI) c 65+ suíochán €279,000

Níos mó faisnéise maidir le Scéim Deontais ZEHDV

Is féidir teacht ar níos mó mionsonraí maidir le Rialacha na Scéime anseo.

Is féidir teacht ar shamplaí oibrithe de ríomhanna den Mhéid Deontais anseo.

Is féidir teacht ar Fhógra Cosanta Sonraí na Scéime anseo

Conas cur isteach ar an Deontas

Chun tús a chur leis an bpróiseas iarratais, comhlíonfaidh an t-iarratasóir an Fhoirm Iarratais agus cuirfidh sé nó sí isteach í mar ríomhphost chuig:  Application Form and submit it by email to: zehdvgrant@pierse.ie

Is féidir teacht ar achair ama tháscacha do na céimeanna éagsúla sa phróiseas i dteimpléad Litir na Tairisceana Deontais ina n-áirítear téarmaí agus coinníollacha na Scéime.

 

Conas maoiniú formheasta a tharraingt anuas

Chun tús a chur leis an bpróiseas tarraingt anuas, comhlíonfaidh an t-iarratasóir an Fhoirm Tarraingt Anuasagus cuirfidh sé nó sí isteach í mar ríomhphost chuig: zehdvgrant@pierse.ieagus an doiciméadacht tacaíochta riachtanach ag gabháil léi mar a leanas:

  • Logleabhar in aghaidh na Feithicle,
  • Sonrasc in aghaidh na Feithicle,
  • Árachas in aghaidh na Feithicle / Árachas Flít,
  • Diosca Mótarchánach in aghaidh na Feithicle,
  • Uimhir Imréitigh Cánach na Cuideachta
 

Ní féidir ach tarraingt anuas deontais amháin a dhéanamh in aghaidh an iarratais. Mura ndéantar éileamh ar na feithiclí uile ar an iarratas trí tharraingt anuas an deontais, bainfear na feithiclí nach n-éilítear go buan ón iarratas agus ní bheidh feidhm ag an tairiscint deontais maidir leis na feithiclí sin a thuilleadh. Ríomhtar an deontas agus úsáid á baint as praghas na feithicle gan CBL agus breiseanna roghnacha a chur san áireamh.

Teagmháil

Chun tuilleadh mionsonraí a fháil maidir leis an Scéim, déan teagmháil le Pierse Fitzgibbon Solicitors, Riarthóir na Scéime, ag:

Zevi Logo
Government of Ireland Logo