Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann

Bunaíodh Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI) i mí Iúil 2022. Cuirtear de chúram ar ZEVI tacú le custaiméirí, an earnáil phoiblí, agus gnólachtaí chun leanúint d’athrú a dhéanamh chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha. Is é a thiocfaidh as an Oifig spriocanna uaillmhianacha na hÉireann a bhaint amach faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, 2023 chun go mbeidh méid measta 30% de fhlíteanna charranna na hÉireann athraithe chuig carranna leictreacha faoi 2030.

Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é ZEVI bunaithe sa Roinn Iompair agus tá a fheidhmeanna scoilte trasna 4 phríomheagraíocht, ag tarraingt ar scileanna agus taithí an mhéid seo a leanas:

  • An Roinn Iompair
  • TBonneagar Iompair Éireann (BIÉ)
  • Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)
  • An tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA)

Tá BIÉ ag obair go dlúth le ZEVI maidir le tionscnaimh chun tacú le bonneagar athluchtaithe feithiclí leictreacha. Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise maidir le ZEVI agus leis na scéimeanna a dtacaíonn sé leo ag www.gov.ie/zevi

 

Zevi Logo
Government of Ireland Logo