An M3 ó Chluain Aodha go Ceanannas
Seo ceann de na tionscadail a d’fhógair an NRA i Meitheamh 2000 faoi Thráinse II den chlár Bóithre CPP. Tá an tionscadal seo suite ar an mbealach ó Mhuineachán go Baile Átha Cliath agus bhain stráice 50km de mhótarbhealach/dhébhealach, agus 11km de charrbhealach singil a thógáil leis. Tógadh 24km sa bhreis de nascbhóthar agus leathnaíodh/athailíníodh bóithre eile mar chuid den scéim chomh maith.
Bronnadh an Conradh CPP in Aibreán 2007 ar Chuibhreannas CPP (SIAC Construction Ltd agus Cintra – Concesiones de Infraestructuras de Transport S.A.)
DÁTA BRONNTA CONARTHA | CONRADH BRONNTA AR | SAGHAS AN CPP | CLÁR RIALTAIS | STÁDAS |
---|---|---|---|---|
Aibreán 2007 | Eurolink Motorway Operations (M3) Limited | Lamháltas | An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 | Osclaíodh é in 2010 |
Cliceáil anseo, le do thoil, chun teacht ar shuíomh gréasáin M3 Eurolink