An M7 ó Phort Laoise go Baile an Chaisleáin/an M8 ó Phort Laoise go dtí an Chúlchoill
Cuirtear an scéim ó Phort Laoise go dtí an Chúlchoill agus ó Phort Laoise go Baile an Chaisleáin le chéile mar aon scéim amháin. Seo ceann de na tionscadail a d’fhógair an NRA i Meitheamh 2000 faoi Thráinse II den chlár Bóithre CPP. Tá bealach an N7 ó Phort Laoise go Baile an Chaisleáin ar bhealach an N7 ó Luimneach go Baile Átha Cliath. Tá bealach an N8 ó Phort Laoise go dtí an Chúlchoill ar bhealach an N8 ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath. Is é comhfhad na stráicí thart ar 40 ciliméadar.
Bronnadh an conradh CPP i Meitheamh 2007 ar chuibhreannas Celtic Roads Group (Portlaoise) Limited ina bhfuil BAM CPP bv, Iridium Concesiones de Infraestructuras S.A. agus NTR plc.
DÁTA BRONNTA CONARTHA | CONRADH BRONNTA AR | SAGHAS AN CPP | CLÁR RIALTAIS | STÁDAS |
---|---|---|---|---|
Meitheamh 2007 | Celtic Roads Group (Portlaoise) Limited | Lamháltas | An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 | Osclaíodh é in 2010 |
Cliceáil anseo, le do thoil, chun dul go dtí suíomh gréasáin na scéime.