Seachbhóthar an M8 ó Ráth Chormaic go Mainistir Fhear Maí
Seo ceann de na tionscadail a d’fhógair an NRA i Meitheamh 2000 faoi Thráinse II den chlár Bóithre CPP. Tá an tionscadal seo suite ar bhealach an N8 ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath agus bhain stráice 18km de bhóthar a thógáil i gceist leis ina raibh tarbhealach a thrasnaíonn an Dubhabhainn ar fad thart ar 450 méadar.
Bronnadh an conradh CPP i Meitheamh 2004 ar chuibhreannas DirectRoute (Fermoy) Limited ina bhfuil Kellogg Brown & Root Ltd, Strabag AG, John Sisk & Son (Holdings) Ltd, Lagan Holdings Ltd, Roadbridge Ltd. agus Ciste Bonneagair First Irish (comhchiste idir AIB/an Banc Eorpach Infheistíochta).
DÁTA BRONNTA CONARTHA | CONRADH BRONNTA AR | SAGHAS AN CPP | CLÁR RIALTAIS | STÁDAS |
---|---|---|---|---|
Meitheamh 2004 | Direct Route (Fermoy) Ltd. | Lamháltas | An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 | Osclaíodh é in 2006 |
Cliceáil anseo, le do thoil, chun teacht ar shuíomh gréasáin an M8 ó Ráth Chormaic go Mainistir Fhear Maí.
Gnéithe Airgeadais Chonradh CPP Sheachbhóthar an M8 ó Ráth Chormaic go Mainistir Fhear Maí |
---|
Cuideachta LamháltaisTá i gcuibhreannas Direct Route (Fermoy) Ltd. Kellogg Brown & Root Ltd, Strabag AG, John Sisk & Son (Holdings) Ltd, Lagan Holdings Ltd, Roadbridge Ltd. agus Ciste Bonneagair First Irish (comhchiste idir AIB/an Banc Eorpach Infheistíochta a bunaíodh ar mhaithe le hinfheistiú a dhéanamh i dtionscadail CPP agus i bhforbairtí bonneagair earnála príobháidí in Éirinn agus ar fud na hEorpa). |
Dualgais agus oibleagáidí na Cuideachta LamháltaisTá 17.5 ciliméadar de mhótarbhealach i gceist leis an scéim. Tógáil 3 acomhal atá sa scéim agus áirítear léi tarbhealach 450m ar fad a thógáil a thrasnaíonn Gleann na Dubhabhann. Anuas air sin, tógadh 18 struchtúr bhreise (7 dtardhroichead, 2 fhodhroichead, 1 seirbhís tollán ag an dola-phlás, 4 dhroichead abhann agus 4 íosbhealach ina measc) anuas ar athailíniú bóthair áitiúil. Tá ar Direct Route tabhairt faoi na tascanna seo a leanas:
|
An Tréimhse Lamháltais>Síníodh an conradh an 11 Meitheamh 2004 agus leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar feadh 30 bliain ón dáta sin. Meastar go nglacfaidh an tógáil thart ar 3 bliana agus beidh Direct Route freagrach as dolaí a bhailiú ar feadh tréimhse thart ar 27 bliain. |
Costas an tionscadailMeasann an tÚdarás, dá dtabharfadh sé féin faoi na tascanna uile dearaidh, tógála, cothabhála, oibrithe agus ath-infheistíochta ar gá do Direct Route tabhairt fúthu gurbh ionann a bheadh an costas agus thart ar €320m (gan costais talún agus réamhdhearaidh a áireamh) de réir luachanna 2003. Anuas air sin, b’ionann a bheadh na costais ar na bóithre tógtha a oibriú agus a chothabháil agus thart ar €130m (Glanluach reatha, luachanna Eanáir 2007) i rith na tréimhse 30 bliain. Measann an tÚdarás gurb ionann a bheidh an costas talún, réamhstaidéar/dearaidh a theastaíonn leis an mbealach a shainaithint, cáipéisí reachtúla a ullmhú (Scéim Mótarbhealaigh agus Ráiteas Tionchair Timpeallachta), réamh-imscrúdú talún, tástáil agus réiteach tosaigh seandálaíochta, agus maoirseacht ar a tógáil agus thart ar €40m. Baineann na costais seo, gan aird ar bhealach an chonartha a d’fhéadfaí a úsáid leis an scéim a sholáthar. |
Maoiniú Direct RouteTá cistiú substainteach á infheistiú ag Direct Route isteach sa tionscadal seo trí ghnáthscaireanna ó na cuideachtaí atá sa chuibhreannas. Cistiú fiachais é tromlach an chistithe agus shocraigh Direct Route cistiú ó thrí fhoinse:
Is é Direct Route an páirtí atá freagrach as na fiachais seo a aisíoc. 1Rinneadh an maoiniú fiachais, agus an ghnáthscair, a shindeacáitiú do Bhanc na hAlban roimh scor airgeadais. |
Íocaíochtaí ón Údarás le Direct RouteTá íocaíochtaí an Údaráis le Direct Route seasta agus íocaíochtaí €80m (praghsanna 2003) i gcaitheamh na tréimhse tógála atá iontu, a scaoiltear ar chríochnú sásúil príomhghnéithe tógála, agus €40m (praghsanna 2003) i dtréimhse an oibrithe. (Nóta: Tá íocaíochtaí oibríochtúla faoi réir innéacsú ar aon dul leis an bpraghasinnéacs tomhaltóirí.) |
Íocaíochtaí ó Direct Route leis an ÚdarásÍocfaidh Direct Route sciar leis an Údarás, ag brath ar an leibhéal tráchta ar an mbóthar, de na hioncaim ó dholaí a bhailítear. Beidh an sciar ioncaim seo infheidhme a luaithe a sháraíonn an trácht ar an mbóthar dola 21,000 feithiclí sa lá. |
Íocaíochtaí ó Direct Route leis an StátAnuas ar an sciar ioncaim a íocfaidh sé leis an Údarás, beidh oibleagáid ar Direct Route na híocaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
|
Léargas Ginearálta AchomairÍocfaidh an Stát, i dtaobh bonneagair ar a bhfuil costas measta €320m, gan costais talún/phleanála/dearaidh ullmhúcháin a áireamh, €80m, (gan costais talún/ullmhúcháin a áireamh) i rith na tréimhse tógála 3 bliana anuas ar €40m sa bhreis i rith na tréimhse oibríochtúla. Forchúiteoidh an Stát airgead trí sciar ioncaim, rátaí agus cánacha. |