Seachbhóthar N1/M1 Iarthar Dhún De
algan
Tá seo ar cheann de na tionscadail a d’fhógair an NRA i Meitheamh 2000 faoi Thráinse II den Chlár Bóithre CPP. Tá an tionscadal seo ar bhealach an N1/M1 ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Teorainn agus bhain stráice bóthair 11km a thógáil, ar chuid é de phríomhbhealach náisiúnta an N1/M1 i gcóngar do bhaile Dhún Dealgan, Contae Lú, chomh maith le fad thart ar 8km de thaobh-bhóithre agus de bhóithre ceangail gaolmhara.
Cuimsítear sa tionscadal oibriú agus cothabháil an mhótarbhealaigh reatha anuas ar thart ar fhad 42km, i.e. Seachbhóthar Dhún Léire agus Mótarbhealach Dhún Léire/Dhún Dealgan chomh maith le hoibriú agus le cothabháil na n-áiseanna dolaí ar scéim an M1 (Baile Mhic Gormáin go Mainistir Bheithe), a osclaíodh an 9 Meitheamh 2003.
Bronnadh an Conradh CPP an 9 Feabhra 2004 ar Celtic Roads Group (Dundalk) Ltd. Bhí Dragados Concesiones de Infraestructuras SA (gnóthas mór Spáinneach), Edmund Nuttall Ltd (UK), HBG Ascon Ltd (Irl.), agus NTR plc (Irl.) sa chuibhreannas.
DÁTA BRONNTA CONARTHA | CONRADH BRONNTA AR | SAGHAS AN CPP | CLÁR RIALTAIS | STÁDAS |
---|---|---|---|---|
Feabhra 2004 | Celtic Roads Group (Dundalk) Ltd. | Lamháltas | An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 | Osclaíodh é in 2005 |
Cliceáil anseo, le do thoil, chun teacht ar bhreis faisnéise faoin scéim
Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil, le do thoil, le Celtic Roads Group (Dundalk) Ltd. trí ghlaoch ar 041 982 9820
Nuashonruithe ar Úinéireacht na Cuideachta Lamháltais: NTR plc Ireland
Gnéithe Airgeadais Chonradh CPP Sheachbhóthar N1/M1 Iarthar Dhún Dealgan |
---|
Cuideachta Lamháltais ar Bhronnadh an ChonarthaBronnadh an Conradh CPP ar Celtic Roads Group (Dundalk) Ltd. (CRG). Bhí Dragados Concesiones de Infraestructuras SA (gnóthas mór Spáinneach), Edmund Nuttall Ltd (UK), HBG Ascon Ltd (Irl), agus NTR plc (Irl.) sa chuibhreannas nuair a bronnadh an tairiscint. Nuashonruithe ar Úinéireacht na Cuideachta Lamháltais.NTR plc Irel |
Dualgais agus oibleagáidí na Cuideachta LamháltaisForáiltear i dtéarmaí an chonartha go bhfuil freagracht ar an gcuibhreannas as dearadh, tógáil, airgeadas, oibriú agus cothabháil, i rith tréimhse lamháltais 30 bliain, maidir leis an méid seo a leanas:
|
An Tréimhse LamháltaisSíníodh an conradh an 9 Feabhra 2004 agus leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar feadh 30 bliain ón dáta sin. |
Costas an tionscadailMeastar, dá dtabharfadh an earnáil phoiblí faoi na hoibreacha go léir sa chonradh go gcosnódh sé thart ar €340m, gan costais talún san áireamh, agus go gcosnódh an ghné thógála €160m. Measann an tÚdarás gurb ionann a bheidh an costas talún, réamhstaidéar/dearaidh a theastaíonn leis an mbealach a shainaithint, cáipéisí reachtúla a ullmhú (Scéim Mótarbhealaigh agus Ráiteas Tionchair Timpeallachta), réamh-imscrúdú talún, tástáil agus réiteach tosaigh seandálaíochta, agus maoirseacht ar a tógáil agus thart ar €40m. Baineann na costais seo, gan aird ar bhealach an chonartha a d’fhéadfaí a úsáid leis an scéim a sholáthar. |
Maoiniú Celtic Roads GroupTá cistiú substainteach á infheistiú ag Celtic Roads Group isteach sa tionscadal seo trí ghnáthscaireanna ó na cuideachtaí atá sa cuibhreannas. Cistiú fiachais é tromlach an chistithe agus shocraigh Direct Route cistiú ó thrí fhoinse:
Is é Celtic Roads Group an páirtí atá freagrach as na fiachais seo a aisíoc. |
Íocaíochtaí ón Údarás le Celtic Roads GroupForáiltear sa chonradh nach ndéanfaidh an NRA AON ÍOCAÍOCHTAÍ leis an gcuibhreannas. |
Íocaíochtaí ó Celtic Roads Group leis an ÚdarásÍocfaidh an cuibhreannas 95% den ioncam ó dholaí a bhailítear i rith na tréimhse tógála leis an NRA, a meastar gurb ionann é agus €18 milliún, agus lena chois sin, íocfaimid sciar den ioncam amach anseo ó dholaí os cionn trácht sonraithe leis an NRA i rith na coda eile den tréimhse lamháltais mar mheicníocht le cosc a chur ar bhrabúis amhantair i gcás go dtiocfaidh borradh as cuimse ar an trácht. |
Íocaíochtaí ó Celtic Roads Group leis an StátAnuas ar an ioncam ó dholaí a bheidh le híoc leis an Údarás i rith chéim thógála agus dhearaidh Sheachbhóthar Iarthar Dhún Dealgan agus an sciar ioncaim amach anseo a íocfaidh sé leis an Údarás, beidh oibleagáid ar CRG na híocaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
|
Léargas Ginearálta AchomairI gcás bonneagair ar a bhfuil costas measta €340m (nuathógáil agus uasghrádú agus cothabháil leanúnach i gcaitheamh 30 bliain ar an M1 ar stráice thart ar 54km), gan costais talún, phleanála, dearaidh ullmhúcháin a áireamh, ní dhéanfaidh an Stát aon íocaíochtaí (gan costais talún/ullmhúcháin a áireamh) i rith na tréimhse tógála lamháltais iomláine. Forchúiteoidh an Stát airgead substainteach trí ioncaim ó dholaí atá iníoctha leis an Údarás i rith chéim thógála agus dhearaidh Sheachbhóthar Iarthar Dhún Dealgan agus an sciar ioncaim, na rátaí agus na cánacha san áireamh. |