Córas Dola gan Bhacainn an M50
Suíomh: Cuar-bhealach timpeall Bhaile Átha Cliath is ea mótarbhealach an M50, agus trasnaíonn sé na príomhbhóithre gathacha, .i. M1, M2, N3, N4 (a nascann leis an N5 ⁊ N6), N7 (a nascann leis an N8 ⁊ N9), agus N11. Tá córas dola gan bhacainn i bhfeidhm ar an M50 idir Acomhal 6 (M50/N3 Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (M50/N4 Leamhcán).
Ní mór do gach feithicil a bhaineann úsáid as stráice an M50 idir Acomhal 6 (M50/N3 Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (M50/N4 Leamhcán) dola a íoc. Níl aon áis íocaíocht airgid thirim ar fáil ag an áit dola. Ní mór d’úsáideoirí neamhchláraithe an dola a íoc roimh 20:00 ar an lá i ndiaidh an turais. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le lua an uimhir cláraithe feithicle:
- Ar line ag www.eflow.ie
- Ar an guthán le cárta creidmheasa Visa / Mastercard nó cárta dochair Visa ar 0818 50 10 50 / +353 1 461 0122
- Le íocaíocht airgid thirim ag ionad díolacháin Payzone ar fud na tíre, le haghaidh tuilleadh eolais www.payzone.ie
M50 |
TOLLAÍ IS INFHEIDHME 2024 |
||
---|---|---|---|
Cineál Feithicle |
Cuntas Clibe |
Cuntas Físeáin |
Feithiclí Eile |
Gluaisteáin agus feithicil seirbhíse poiblí le suíocháin do suas le ocht bpaisinéir |
€2.50 | €3.10 | €3.70 |
Feithiclí earraí ag a bhfuil meáchan gan ualach nach mó ná 2,000kg |
€3.50 | €4.10 | €4.70 |
Busanna nó cóistí le suíocháin do níos mó ná ocht bpaisinéir | €3.50 | €4.10 | €4.70 |
Feithiclí earraí ag a bhfuil meáchan gan ualach níos mó ná 2,000kg ach nach mó ná 10,000kg |
€5.10 | €5.70 | €6.30 |
Feithiclí earraí ag a bhfuil meáchan gan ualach níos mó ná 10,000kg |
€6.30 | €6.90 | €7.50 |
M50 |
TOLLAÍ IS INFHEIDHME 2025 |
||
---|---|---|---|
Cineál Feithicle |
Cuntas Clibe |
Cuntas Físeáin |
Feithiclí Eile |
Gluaisteáin agus feithicil seirbhíse poiblí le suíocháin do suas le ocht bpaisinéir |
€2.50 | €3.10 | €3.80 |
Feithiclí earraí ag a bhfuil meáchan gan ualach nach mó ná 2,000kg |
€3.50 | €4.10 | €4.80 |
Busanna nó cóistí le suíocháin do níos mó ná ocht bpaisinéir | €3.50 | €4.10 | €4.80 |
Feithiclí earraí ag a bhfuil meáchan gan ualach níos mó ná 2,000kg ach nach mó ná 10,000kg |
€5.10 | €5.80 | €6.40 |
Feithiclí earraí ag a bhfuil meáchan gan ualach níos mó ná 10,000kg |
€6.40 | €7.00 | €7.70 |
Ní mór do úsáideoirí neamhchláraithe an dola dlite a íoc roimh 20:00 an lá i ndiaidh úsáid an dola-bhóthair. Dé réir forálacha na bhfodhlíthe, is iad seo a leanas na dolaí mainneachtana i gcás íocaíochta déanaí le haghaidh 2023:
- Is é an dola mainneachtana tosaigh d’úsáideoir/aicmiú feithicle ná an dola a bhaineann leis an úsáideoir/aicmiú feithicle móide €3.50
- Is é an dola mainneachtana breise d’úsáideoir/aicmiú feithicle ná an dola mainneachtana tosaigh a bhaineann leis an úsáideoir/aicmiú feithicle móide €46.50
- Is é an dola mainneachtana críochnaitheach d’úsáideoir/aicmiú feithicle ná an dola mainneachtana breise a bhaineann leis an úsáideoir/aicmiú feithicle móide €116.00
- Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar www.eflow.ie nó Locall 0818 50 10 50.
OIBRITHEOIR | ROGHANNA ÍOCAÍOCHTA DOLA | TEAGMHÁIL |
---|---|---|
Turas Mobility Services Teo |
|
eFlow |