Léarscáileanna Torainn

Éilíonn Treoir 2002/49/EC an AE, arna trasuíomh i ndlí na hÉireann ag Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Torann Comhshaoil) 2018 go 2021, go ndéanfar léarscáileanna straitéiseacha an torainn agus pleananna gníomhaíochta an torainn a fhorbairt le haghaidh príomhbóithre, iarnróid, aerfoirt agus ceirtleáin.

 

Tá BIÉ ainmnithe mar comhlacht mapáil an torainn chun léarscáileanna straitéiseacha an torainn a fhorbairt do gach príomhbhóthar náisiúnta a iompraíonn os cionn 3 mhilliún feithicil in aghaidh na bliana agus do línte iarnróid éadroma.

Le haghaidh Chéim 4 de léarscáiliú torainn na bliana 2022, d’fhorbair BIÉ léarscáileanna straitéiseacha an torainn le haghaidh bhreis is 2,100 km na mbóithre náisiúnta lasmuigh de cheirtleáin Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus Luimnigh. D'fhorbair BIÉ léarscáileanna straitéiseacha breise torainn le haghaidh príomhbhóithre neamhnáisiúnta lasmuigh de cheirtleáin Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus Luimnigh. Mar sin féin, fanann na príomhbhóithre neamhnáisiúnta arna léarscáiliú ag BIÉ faoi dhlínse an údaráis áitiúil i gceist.

Rinneadh léarscáileanna straitéiseacha an torainn a fhorbairt freisin do líonra an Luas i mBaile Átha Cliath mar chuid de thionscadal mapáil an torainn de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Is féidir léarscáileanna Luas a fheiceáil ag an nasc seo
Bunaíodh léarscáileanna straitéiseacha an torainn a ullmhaíodh sa bhliain 2022/2023 ar ghluaiseachtaí na tráchta bóthair agus an iarnróid éadroim do R3 agus R4 na bliana 2021.
Léiríonn an suíomh Gréasáin léarscáileanna an torainn le haghaidh príomhbhóithre lasmuigh de cheirtleáin Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus Luimnigh. Ag teacht le riachtanais na Rialachán, léiríonn Léarscáileanna Straitéiseacha an Torainn comhrianta an torainn don dá tháscaire an torainn seo a leanas:
  • Lden - Is táscaire torainn é leibhéal an lae - an tráthnóna maidir leis an gcrá iomlán atá bunaithe ar mheántorann fadtéarmach A-ualaithe bliantúil thar 24 uair an chloig le pionós 5dB(A) i leith torann tráthnóna (19:00 – 23:00) agus pionós 10 dB(A) i leith torann oíche (23:00 – 07:00). Ní mór aon leibhéal Lden an torainn os cionn na tairsí 55dB a thuairisciú don Choimisiún Eorpach.
  • Lnight – Is táscaire torainn é leibhéal na hoíche maidir le suaitheadh codlata atá bunaithe ar mheántorann fadtéarmach A-ualaithe bliantúil thar thréimhse na hoíche (23:00 – 07:00). Ní mór aon leibhéil torainn Lnight os cionn na tairsí 50dB a thuairisciú don Choimisiún Eorpach.
Léirítear leibhéil torainn atá ag nó os cionn tairseach táscairí an torainn atá leagtha amach thuas ag comhrianta 5 dB, sé sin, ní léirítear aon chomhrianta na luachanna faoi thairseacha riachtanacha an tuairiscithe ar na léarscáileanna.
Níl na comhrianta torainn bunaithe ar thomhais dhíreacha ach ullmhaíodh iad trí úsáid a bhaint as samhaltú ríomhaire i gcomhréir le modheolaíocht chomhchoitinn um measúnú an torainn a ghlac an Coimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 6.2 de Threoir 2002/49/CE ón CE agus a tugadh i bhfeidhm trí Threoir ón gCoimisiún. (AE) 2015/996.
Tugtar CNOSSOS – EU ar an modheolaíocht choiteann nua agus tá tuilleadh eolais ina leith le feiceáil ag an nasc seo.
Baineadh úsáid as an modheolaíocht chomhchoitinn measúnaithe nua seo den chéad uair i mBabhta 4. Cuireadh léarscáileanna straitéiseacha torainn do Bhabhta 1 go 3 le chéile agus úsáid á bhaint as modheolaíocht aitheanta eile a bhí ar fáil ag an am sin. Ba cheart an t-athrú seo a chur san áireamh agus aon chomparáid dhíreach á dhéanamh idir léarscáileanna Bhabhta 4 agus léarscáileanna na mBabhtaí roimhe sin mar go bhfuil athrú ar mhodheolaíochtaí na múnlaithe chomh maith le hathruithe ar thacair sonraí an ionchuir.

 

Pleananna Gníomhaíochta um Thorann

Siad na hÚdaráis Áitiúla atá freagrach as pleananna gníomhaíochta um thorann a dhéanamh agus a cheadú sa ról acu mar Údaráis Phleanála ainmnithe na Gníomhaíochta faoi na Rialacháin. Mar sin, is ar gach údarás áitiúil ar leith amháin pleananna críochnaithe na gníomhaíochta um thorann.

 

Léarscáileanna Straitéiseacha Náisiúnta an Torainn

Mapáil Straitéiseach Torainn na bliana 2017 Léarscáil Gréasáin Lden

 

Mapáil Straitéiseach Torainn na bliana 2017 Léarscáil Gréasáin Lnight

 

Mapáil Straitéiseach Torainn na bliana 2012 Léarscáil Gréasáin Lden

 

Mapáil Straitéiseach Torainn na bliana 2012 Léarscáil Gréasáin Lnight

 

Léarscáileanna Straitéiseacha an Torainn

Cliceáil anseo le haghaidh Léarscáil Straitéiseach Náisiúnta an Torainn a fheiceáil.