Iniúchtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre

 

Tá an TII tiomanta do bhóithre náisiúnta atá sábháilte agus éifeachtúil a sholáthar.

 

Iniúchtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre

Is éard a bhaineann le hIniúchadh ar Shábháilteacht ar Bhóithre (an RSA) ná measúnú ar scéimeanna bóthair i rith dearaidh agus tógála le guaiseacha féideartha roimh gach úsáideoir bóithre a shainaithint. Cé go gceanglaítear RSAanna a dhéanamh faoin Treoir ón AE maidir le Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú (EU RISM), rinneadh iad a chorprú isteach i bhFoilseacháin TII ó 2001. Tá an RSA le déanamh ar gach tionscadal agus ar gach scéim nua bonneagair bóithre náisiúnta a ndéantar athrú buan ar an mbóthar reatha nó ar an leagan amach cois bóthair dá mbarr. Moltar RSA a dhéanamh freisin nuair a dhéantar a mhacasamhail d’athruithe ar an ngréasán bóithre áitiúla agus réigiúnacha. Déantar cur síos i bhFoilseacháin TII faoi TII GE-STY-01024 - Iniúchadh ar Shábháilteacht ar Bhóithre, ar RSA.

Tugtar faoi RSA ag céimeanna éagsúla de thionscadal bonneagair. Seiceáil atá san RSA do shaincheisteanna sábháilteachta laistigh de scéim seachas neamhchomhlíonadh caighdeáin dearaidh a shainaithint

I rith an RSA, caitear súil san iniúchadh ar an scéim ó dhearcadh na n-úsáideoirí bóithre go léir, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais úsáideoirí bóithre leochaileacha. Sainaithníonn foireann an RSA fadhbanna féideartha sábháilteachta laistigh den scéim agus déantar moltaí don dearthóir le tarlú agus tromchúis imbhuailtí a íoslaghdú.

 

Foireann an Iniúchta ar Shábháilteacht ar Bhóithre

Tá foireann an RSA neamhspleách ar an bhfoireann dearaidh bóithre. Faomhann an eagraíocht mhaoirseachta an fhoireann iniúchta, arb é sin TII i gcás scéimeanna bóthair náisiúnta. Tá ceann foirne agus ar a laghad ball foirne breise amháin i bhfoireann RSA.

 

Foireann an Iniúchta ar Shábháilteacht ar Bhóithre a Fhaomhadh

Ceapann an Fostóir nó a n-ionadaí don scéim foireann an Iniúchta ar Shábháilteacht ar Bhóithre (an RSA). Caithfidh foireann an RSA a bheith neamhspleách ar an bhfoireann dearaidh. Tugtar cuntas ar na riachtanais cháilíochta d’fhoirne RSA in Iniúchadh ar Shábháilteacht ar Bhóithre TII-GE-01025 – Cáilíochtaí Foireann Iniúchta. Cliceáil anseo chun féachaint ar riachtanais cháilíochta foireann RSA ar shuíomh gréasáin Fhoilseacháin TII.

Caithfidh Sábháilteacht TII cáilíocht agus stádas taithí daoine aonair a sheiceáil a chomhdhéanann gach foireann RSA a bheartaítear lena bhfaomhadh roimh gach iniúchadh. Faomhann TII na daoine aonair laistigh de gach foireann RSA, seachas gnóthais sainchomhairleoireachta a chuireann tairiscint isteach don obair.

Caithfear iarratais ar fhoirne iniúchta a fhaomhadh a sheoladh ar aghaidh trí shuíomh gréasáin Fhaomhadh Iniúchtaí ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSAAS) TII. Is féidir teacht ar shuíomh gréasáin RSAAS anseo: Caithfidh Iniúchóirí ar Shábháilteacht ar Bhóithre agus Cliaint Iniúchta ar Shábháilteacht ar Bhóithre clárú ar an suíomh gréasáin RSAAS sula n-iontrálann siad an córas. Cliceáil anseo le treoracha maidir le clárú mar iniúchóir agus/nó cliant a íoslódáil ar shuíomh gréasáin an RSA.

Cliceáil anseo le treoirlínte a íoslódáil maidir le foireann RSA a sheoladh lena faomhadh ar RSAAS.

Caithfear tabhairt faoin nós imeachta faofa do gach céim iniúchta do gach scéim. Le cur chuige comhsheasmhach a chinntiú, caithfear gach iarracht a dhéanamh leis an bhfoireann chéanna iniúchta a úsáid fad atá scéim ar leith á dearadh agus á tógáil. D’ainneoin seo, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach, faoi chúinsí áirithe, go ndiúltaíonn TII faomhadh don fhoireann a faomhadh roimhe seo ag iniúchadh níos déanaí.

 

 

Céimeanna d’Iniúchadh ar Shábháilteacht ar Bhóithre

Tá sé chéim ar leith RSA. Is féidir roinnt céimeanna RSA a fhágáil ar lár nó a chur le chéile do mhionscéimeanna nó d’oibreacha sealadacha.

Céim F (Indéantacht): Céim roghnúcháin bealaigh

Tugtar faoi Chéim F sula roghnaítear an bealach. Sainaithneofar in RSA ag an gcéim seo gnéithe sábháilteachta a bhaineann le gach rogha bealaigh.

Céim 1: Réamhdhearadh a chríochnú, sula ndéanfar talamh a éadáil

 

Scrúdaíonn baill foirne an RSA na pleananna agus an t-eolas breise a sholáthraítear. Teastaíonn cuairt ar an suíomh ag an gcéim seo. Tugtar gnéithe a bhaineann le sábháilteacht laistigh den dearadh faoi deara in RSA Chéim 1.

Céim 2: Dearadh mionsonraithe a chríochnú, sula ndéanfar tógáil

Déanann gach ball foirne RSA staidéar ar dhearaí mionsonraithe agus ar eolas breise. Teastaíonn cuairt ar an suíomh ag an gcéim seo freisin.

Céim 1 agus 2: Dearadh mionsonraithe a chríochnú, sula ndéanfar tógáil

I gcás scéimeanna níos lú, is féidir céimeanna 1 agus 2 a chur le chéile agus a chur i láthair in aon tuarascáil amháin.

Céim 3: Críochnú tógála (titeann seo amach go ginearálta sula n-osclófar an scéim don trácht)

Caithfidh an fhoireann RSA cuairt a thabhairt ar an suíomh le hiniúchadh chéim 3 a dhéanamh i solas an lae agus sa dorchadas. Siúlann, tiomáineann agus, sa chás gur cuí, rothaíonn an fhoireann RSA timpeall na scéime le guaiseacha féideartha roimh gach úsáideoir bóithre a shainaithint.

Céim 4: Oibriú luath ag 2-4 mhí i ndiaidh an bóthar a oscailt.

Caithfear cuairt a thabhairt arís ar an suíomh i solas an lae agus sa dorchadas i rith iniúchadh Chéim 4. Ag céim 4, seiceálann an fhoireann RSA do shaincheisteanna um shábháilteacht ar bhóithre i gcomhthéacs iompar úsáideoirí bóithre.

 

 

Tuarascálacha Iniúchta ar Shábháilteacht ar Bhóithre agus Gníomhartha ina Dhiaidh Sin

Ullmhaíonn an fhoireann tuarascáil do gach céim de RSA. Seachas Cuid 1 de Chéim F, cuimsítear i bpríomhchorp na tuarascála iniúchta cur síos ar agus moltaí do gach fadhb fhéideartha sábháilteachta ar bhóithre a shainaithin an fhoireann Iniúchta. Cuimseofar i dTuarascáil Deiridh:

  • Litir faofa ó TII a fhaomhann an Fostóir leis an bhFoireann Iniúchta a cheapadh
  • Tuarascáil Iniúchta
  • Freagairt ón Dearthóir/Foirm aiseolais
  • Tuarascáil Eisceachta, más infheidhme
  • Cinneadh an Stiúrthóra faoin Tuarascáil Eisceachta, más infheidhme.

Tugtar cuntas ar na nósanna imeachta chun breithniú a dhéanamh ar mholtaí an RSA agus leis an tuarascáil iniúchta a ullmhú in TII GE-STY-01024 - Iniúchadh ar Shábháilteacht ar Bhóithre.