Oiriúnú le Athrú Aeráide
Straitéis BIÉ um Oiriúnú don Athrú Aeráide
In 2019, d’fhógair Éire go bhfuil Géarchéim Aeráide agus Bhithéagsúlachta ar siúl sa tír agus go bhfuil tionchair an athraithe aeráide ag éirí níos follasaí ar fud na tíre. Chun dul i ngleic leis sin, cheap Rialtas na hÉireann Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide (CAP) 2021. Leagadh ceanglas amach i CAP 2021 go bhfoilseodh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) straitéis cothrom le dáta faoin gcaoi a ndéanfaidh sé a ghréasáin a oiriúnú i gcomhthéacs aeráid atá ag athrú. Is í an Straitéis seo um Oiriúnú don Athrú Aeráide freagra BIÉ ar Ghníomh 297 de CAP 2021 - Feabhas a chur ar athléimneacht aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide ar an Líonra Iarnróid Éadroim agus Bóithre Náisiúnta.
Tá sócmhainní agus gníomhaíochtaí BIÉ leochaileach d’imeachtaí adhaimsire; tá déine agus minicíocht na n-imeachtaí sin ag méadú leis an athrú aeráide. Mar shampla, féadfaidh tuilte, stoirmeacha agus tonnta teasa damáiste a dhéanamh do shócmhainní agus cur isteach ar sheirbhísí, agus féadfaidh tionchar mór a bheith acu ar chúrsaí sábháilteachta, airgeadais agus clú. Caithfidh BIÉ coinneáil air ag glacadh cur chuige réamhghníomhach ar thionchair an athraithe aeráide a bhainistiú, chun na tionchair is measa a chosc agus chun spleáchas ar bhearta costasacha a sheachaint. Cuireann an Straitéis seo leis an Straitéis um Oiriúnú don Athrú Aeráide a bhí ag BIÉ roimhe seo, a foilsíodh in 2017, agus leagtar amach inti na chéad chéimeanna eile is gá chun leanúint den oiriúnú do thionchair an athraithe aeráide.
- TII Climate Action Roadmap 2024
- TII Detailed Climate Change Risk Assessment Methodology 2024
- TII Climate Adaptation Strategy 2022
- TII Climate Adaptation Strategy 2022 - Appendix
- TII Climate Adaptation Climate Impact Screening Summary Report
- Appendix A2 - TII Climate Impact Screening Assessment Tool - blank template.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assessment Tool - ROADS.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assessment Tool - LIGHT-RAIL.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assessment Tool - GREENWAYS.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assessment Tool - BUILDINGS.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assessment Tool - LAND.xlsx
- TII Climate Impact Screening Assessment Tool - PEOPLE.xlsx
Tá toise nua bainte amach le deich mbliana anuas ag bonneagar bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim a thógáil agus a chothabháil mar thoradh ar chomhordú domhanda ar shamhlacha clíomacha agus ar athruithe tuartha ar pharaiméadair chlíomacha. Tá straitéisí le haghaidh eachtraí éagsúla láidre clíomacha á n-oiriúnú agus á bhforbairt ag Bonneagar Iompair Éireann (TII) a imreoidh tionchar ar an ngréasán bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim. Cuireadh tosca clíomacha, cosúil le méaduithe ar dhéine bháistí, san áireamh i ndearadh scéimeanna bóithre náisiúnta le roinnt blianta anuas. Ach baineann na príomhdhúshláin atá roimh TII, maidir leis an ngréasán bóithre náisiúnta, leis an gcaoi gur bóithre “leagáide” atá i gceist le cuid mhór den ghréasán a tháinig chun cinn as bealaí stairiúla ar minic go gcuireann dálaí fisiciúla nó timpeallachta srian orthu.
Tógadh córas iompair iarnróid éadroim Bhaile Átha Cliath (Luas) ar bhóithre na cathrach bóithre agus, ar an ábhar sin, tá sé tugtha do go leor de na dálaí céanna láidre clíomacha a imríonn tionchar ar na bóithre náisiúnta. B’fhéidir nach mbeidh tionchair a imríonn athrú aeráide in Éirinn chomh láidir sin leo siúd a thuartar i dtíortha Eorpacha eile ach is dóchúil go mbeidh níos mó tuile, baol níos mó i leith sciorrthaí talún, díghrádú méadaithe pábhála agus díobháil mhéadaithe fhéideartha stoirme i gceist leo.
Tugtar cuntas sa Straitéis um Oiriúnú don Athrú Aeráide ar Ghréasán Iarnróid Éadroim agus Bóithre Náisiúnta na hÉireann seo ar straitéis TII maidir le hoiriúnú d’athrú aeráide agus do theagmhais adhaimsire.